
Gníomhaíocht Náisiúnta
Forbraíonn an fhoireann um Fhorbairt Leabharlann comhpháirtíochtaí le ranna rialtais agus le gníomhaíochtaí náisiúnta eile go háirithe sna réimsí um oideachas, eolas agus cultúr. Déanann Forbairt Leabharlann an scéim PLR d’Éirinn a bhainistiú.
Bunaíodh an Ceart Iasachta Poiblí in Éirinn leis an Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar (Leasú) 2007.
Gníomhaíocht AE
Glacann Forbairt Leabharlann páirt i dtionscadail atá maoinithe ag an AE sna réimsí eolais, taighde agus forbartha, agus i líonraí agus caidreamh a fhorbairt le príomhimreoirí sa CE agus i mBallstáit d’fhonn saineolas Éireannach a choinneáil ar aon dul leis an dea-chleachtas i mBallstáit eile an AE.
Déanann siad ionadaíocht ar son na hÉireann chomh maith ar roinnt fóraim saineolais de chuid Bhallstáit an AE, amhail Sainghrúpa Bhallstáit an Choimisiúin Eorpaigh ar dhigitiú agus caomhnú digitiú in oidhreacht chultúrtha agus NAPLE (Údaráis Náisiúnta ar Leabharlanna Poiblí san Eoraip). Is é Forbairt Leabharlann an comhordaitheoir naisiúnta do ‘Europe Direct’ a sholáthraíonn maoiniú d’ocht n-údarás leabharlainne chun eolas AE a sholáthar don saoránach.
Comhoibriú RA
Oibríonn Forbairt Leabharlann le comhlachtaí comhionanna sa Ríocht Aontaithe. Áirítear ar na tionscadail Iontaobhas Bailiúchán ar an tionscadal ENUMERATE chun bonnlíne iontaofa a fhorbairt maidir le sonraí staitistiúla faoi dhigitiú, caomhnú digiteach agus rochtain ar líne ar oidhreacht chultúrtha san Eoraip. Is ball de chuid ALMA UK é Forbairt Leabharlann, comhaontas na Ríochta Aontaithe ar mhúsaeim, leabharlanna agus cartlanna atá ag féachaint faoi láthair le huirlisí a fhorbairt chun luach sóisialta agus eacnamaíoch leabharlann a thomhas. Oibríonn an fhoireann ar bhonn leanúnach le Leabharlanna Thuaisceart Éireann, Oifig na dTaifead Poiblí i dTuaisceart Éireann agus Ionad ‘Europe Direct’ Thuaisceart Éireann chun saineolas agus taithí a roinnt agus chun seirbhísí agus comhoibriú a fhorbairt ar thionscnaimh.
