An Lá Deireanach maidir le Clárúcháin €5 um Chórais Chóireála Fuíolluisce Tís
Is é inniu (28 Meán Fómhair) an lá deireanach chun na Córais Chóireála Fuíolluisce Tís a chlárú (umair sheipteacha san áireamh) ar an táille laghdaithe €5. Cuireadh thart ar 186,331 clárúchán isteach amhail maidin inniu agus meastar go mbeidh 200,000 clárúchán ann faoi dheireadh an lae. Cuirtear i gcuimhne d’úinéirí go bhfuil go dtí meán oíche acu le clárú agus leis an táille laghdaithe €5 a íoc ar líne ag www.protectourwater.ie. Is féidir íocaíocht a dhéanamh chomh maith ag na hoifigí údaráis áitiúil i rith an lae. Read more...
