An Clár um Sheirbhísí Comhroinnte Párolla Acmhainní Daonna (HPSS)

Cuireadh an tionscadal HPS/CORE i gcrích i mí na Nollag 2012. Tionscnaíodh tionscadal comharbais, an Clár HPSS, chun clár oibre na Seirbhísí Comhroinnte a chur ar aghaidh. Beidh freagracht sa Chlár úr sin as Tacaíocht agus Cothabháil Bhliantúil ar an gcóras CORE mar aon le líon míreanna speisialta a aistríodh ón tionscadal bunaidh.

Is socrú sé phríomh-iarracht mhóra é maidir leis an réimse ginearálta acmhainní daonna sa rialtas áitiúil. Is iad sin:

1. Seirbhísí Comhroinnte: Beidh na Seirbhísí Comhroinnte maidir le Párolla, Acmhainní Daonna agus Aoisliúntas bunaithe ar an ardán arna bhunú leis an Tionscadal HPS. Tá an clár oibre chun na caighdeáin i gcomhair na Seirbhísí Comhroinnte á chur ar aghaidh ag an Oifig um Bainistíocht Tionscadail faoi láthair.
2. Clabhsúr HPS : Tá aistriú oibriú an chórais CORE ó na foirne feidhmiúcháin áitiúla go dtí na máthair-rannóga ar siúl. Tá freagracht glactha ag an gClár HPSS as tacaíocht agus cothabháil bhliantúil an chórais CORE.
3. An Córas um Bainistíocht Sábháilteachta: Rinneadh an Clár HPS agus an Grúpa Oibre Teicniúil Sláinte agus Sábháilteachta a chomhcheangal chun Córas Sábháilteachta úr a fhorbairt a chomhtháthaíonn leis an gcóras acmhainní daonna CORE. Tá an comhthionscadal sin anois ag an gcéim forbartha.
4. PMDS: Is ceanglas riachtanach é oibriú an PMDS faoi Chomhaontú na Seirbhíse Poiblí. Tá modúl PMDS an chórais CORE á athmhúnlú faoi láthair ag úsáid teicneolaíocht ghréasáin éadrom. Méadóidh sé sin áisiúlacht úsáideora an chórais agus neartóidh sé an próiseas um an PMDS a bheochan in údaráis áitiúla.
5. Ionchorprú Údarás nach bhfuil Rannpháirteach: Rinneadh an deis chun dul isteach sa chóras caighdeánach náisiúnta a fhairsingiú chuig na seacht n-údarás a d’fhan taobh amuigh den tionscadal HPS bunaidh. Is é an córas HPS/CORE an bealach ainmnithe chuig seirbhís chomhroinnte náisiúnta. Is é sin beartas an CCMA agus tá sé formhuinithe ag an DECLG.
6. Tionscnaimh Straitéiseacha: Tá treoirthionscadal chun scrúdú a dhéanamh ar úsáideacht na Ríomhaireachta Móibilí ar siúl. Tá treoirthionscadal comhchosúil chun measúnú a dhéanamh ar na tairbhí a bhaineann le haistriú go dtí an chéad Leagan eile den táirge CORE ar siúl chomh maith. Ní mór athruithe ar bith a theastóidh i gcomhaontuithe seirbhíse poiblí amach anseo a bheith léirithe sna bogearraí modhnaithe chomh maith. Déanfar maoirseacht sa chlár ar na hathruithe sin. Mórthionscnamh le haghaidh an Chláir ná Príomhtháscairí Feidhmíochta a sholáthar ag úsáid sonraí as bunachair shonraí údarás áitiúil aonair. Cumasóidh na Príomhtháscairí Feidhmíochta traschomparáid údarás sna príomhréimsí maidir le saoire, neamhláithreachtaí agus luach saothair.